Hello witches,
It’s been hard to get in Samhain spirit with all that’s going on in the world at the moment. I think we’re all feeling a little powerless. Nothing can undo what has happened, but there’s a good thread here about the tangible things we can do.
Ceapaim go bhfuil sé ceart go leor am a chur ar leathtaobh le héalú ón nuacht freisin, agus cúpla seinnliosta agus ócáid liostáilte agam anseo chuige sin. Má tá tuilleadh eolais uait mar gheall ar an méid atá ag tarlú áfach, bhí mír againn ar Splanc cúpla seachtaine ó shin le Donncha Ó Murchú a chaith cúpla seachtain sa bPailistín ag tús an tsamhraidh, agus le Frank Reidy an tseachtain seo agus an tseachtain seo caite leis an scéal reatha a phlé.
Ar ndóigh samhlaítear ceol folk le tréimhse seo na bliana i gcónaí, agus táim ag luí isteach ar an vibe sin an tseachtain seo ✨ Seo dhá thraic a thaitníonn go mór liom faoi láthair:
If you’d prefer something spookier, here’s a WHOLE PLAYLIST OF WITCHY SONGS from Rachel Lavelle to Enya, Ethel Cain, Stevie Nicks agus neart eile.
Or did you know that Ryan Gosling had his own spooky band: Dead Man's Bones. Maybe he’s not just Ken.
And then, at the truly terrifying end of the scale, here is an organ made of Furbies:
Bhí deis agam freastal ar Ireland Music Week ag tús na míosa seo! Is saoithín mór millteach mé agus thaitin sé go mór liom a bheith ag freastal ar léachtaí arís, go háirithe cúpla painéal iontach maidir le todhchaí cheol na hÉireann agus. caidreamh na hearnála leis na meáin.
Rud a tháinig chun cinn arís agus arís eile ná TikTok (urraitheoirí na féile…). Cé go n-aithním buanna an ardáin, agus a dhaonlathú (go pointe) ar chur chun cinn na healaíona, bhí sé díomách nár freagraíodh aon cheist maidir leis an mbrú breise a chuireann éileamh (ama, fuinneamh, cruthaitheachta) na meán sóisialta ar cruthaitheoirí - nó go deimhin ceoltóirí nach raibh uathu riamh a bheith ina gcruthaitheoirí - agus a dtionchar ar mheabharshláinte na ndaoine céanna… mar an gcéanna le hAI, bhí mé an-tógtha le cuid de na féidearthachtaí a cuireadh ar ár súile dúinn, ach nuair a cuireadh ceist maidir le cearta ealaíontóirí agus cosaint i gcoinne AI an freagra a tugadh ná … “that’s above my paygrade”. Ní dóigh liom go raibh sé sin sách maith. Ba chóir dúinn a bheith airdeallach ar a leithéid agus muid ag síorshaothrú i ngoirt atá gann ar achmhainní agus tacaíochtaí mar atá.
Sin ráite, b’údar misnigh an fhéile ar an iomlán agus bhí roinnt ceoltóirí den chéad scoth i measc na mbannaí a chas ag an IMW Showcase. Ní ceol eisithe acu ar fad go fóillín, ach mholfainn súil a choinneáil amach do Morgana (Saint Sister), Rachel Lavelle, Chubby Cat, Filmore!, Cruel Sister, MayKay (Fight Like Apes), agus The Love Buzz. Liosta iomlán anseo.
Labhair mé le hÁine ar Bhladhaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi seo freisin, agus mar gheall ar ceol nua Mary Wallopers, CMAT, agus We Are Not Together:
Chaith mé seal anuraidh i Lucca na hIodáile (scríobh mé faoi ar RTÉ.ie: La Dolce Far Niente) agus comhtharlúint ar a dtáinig mé ann ná go bhfuil grá ar leith ag muintir na háite do Glen Hansard, a bhfuil teach aige sa gceantar. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach srl. Rinne sé fhéin agus Jack Johnson taifead ar an amhrán agus físeán seo a bhfuil radharcanna na cathrach is ansa liom ann, agus a chuireann cumhá millteanach orm.
As you’ve probably heard, Dolly Parton called into Liveline this week. There must be something in the air. Maybe she sensed we were talking about her. Thank you for all the love for the Dolly ep of Big Fan! These are timeless episodes so you can dip in and out of the series as you please, but I think they make a nice chill Friday listen 💫
Dhá mholadh agam daoibh an mhí seo sa gCúinne Cultúir:
Mar a luaigh mé ag tús na litreach, is deacair aghaidh a thabhairt ar chuid de na rudaí uafásacha atá ag tarlú ar fud an domhain le cúpla bliain anuas. Ach nuair is féidir teachtaireacht dearfach a chur chun cinn san ealaíon, is féidir sólás agus réiteach éigin a aimsiú. Chonaic mé The Old Oak sa Lighthouse an tseachtain seo caite, scannán deireanach Ken Loach. Chaoin mé deora mo chinn, ach bhí croí mór maith ag an scannán seo, a bhfuil fíordhaoine seachas aisteoirí agus fíorscéalta n-inimearcach lárnach ann, Mholfainn go hard na spéire é ach na ciorsúir a bheith i do ghlac agat.
The Old Oak | Book Tickets - Showtimes | Light House Cinema Dublin Ireland
And last but not least, Andy Warhol’s Three Times out is in the Hugh Lane Gallery. I always thought the REM’s Man on the Moon was about Andy Warhol, who produced a musical with John Phillips of The Mamas and Papas. Turns out it was actually about Andy Kauffman who directed a movie called Man on the Moon starring Jim Carey, and I can’t tell if this is coincidence or a glitch in the fractal universe. The exhibition is a lovely way to spend an afternoon either way, especially if you stop into the Hugh Lane Gallery for the best veggie sandwich in the city.
Agus sin sin don mhí seo. Tabhair aire daoibh fhéin agus dá chéile, tá na hoícheanta ag dul i bhfad, ach dá fhada an oíche tagann an lá 🌞
Go raibh maith agaibh arís as a bheith anseo, is mór agam bhur dteachtaireachtaí i gcónaí,
Grá mór,
Em x