“Please remove balaclavas at security” - Kneecap @ Fairview Park
Originally published in The Irish Times, 24 June 2025.
“Please remove balaclavas at security!” a scread na maoir shlándála. Lig na scuainí racht gáire astu, cé gur iarratas dáiríre a bhí ann.
Fuinneamh ar leith a bhíonn san aer laethanta áirithe samhraidh. Laethanta na gcluichí peile, laethanta na bhféilte ceoil, laethanta gréine. Ba é seo ceann de na laethanta sin. B’éasca a shamhlú gur cluiche peile a bhí le tarlú, dá mbeifeá ag breathnú ar líon na scairfeanna agus léinte peile sa slua. Nod don eolach maidir leis an ócáid áfach na sraitheanna balaclávaí crochta ar sconsaí, ar díol i ndathanna bhrat na hÉireann. Nod eile na comharthaí ollmhóra “Free Mo Chara” ar in airde sa gceantar. Ar an láthair, tá cúpla catagóir feisteas: geansaithe peile a bhaineann le Bohemians’ FC agus/nó Fontaines DC; scairfeanna agus bratacha na Palaistíne; agus iad siúd a bhfuil earraí Kneecap á gcaitheamh acu - Kneecap an nasc an cheanglaíonn na téamaí eile seo ar fad le chéile go snasta, ar ndóigh.
Faoi scáth an phubaill ildathaigh, cloistear glór taibhsiúil Radie Peat faoi ghairm an tslua agus an banna ag tíocht chun ardáin - DJ Próvaí (JJ Ó Dochartaigh) ina bhalaclava ar dtús, Mo Chara agus cóta rómhór agus spéacláirí gréine air, agus Móglaí Bap (Naoise Ó Cairealláin) ina léine Bohs féin.
“I’m a free man,” a d’fhógair Mo Chara. Gáir ón slua.
Is os comhair slua de chineál eile ar fad a sheas an triúr an lá roimhe sin. Chruinnigh na céadta lasmuigh de Chúirt Westminster le comharthaí agus bratacha na hÉireann agus na Palaistíne (plaiceard “Liam’s too pretty for prison” ina measc) ina nglac acu agus Mo Chara, nó Liam Óg Ó hAnnaidh, a bhfuil cion sceimhlitheoireachta curtha ina leith, ag dul os comhair na cúirte. Níor ligeadh ach 30 iriseoir isteach sa gcúirt, ach is cosúil gur taispeántas ar leith ar cuireadh ar a súile dóibh. D’fhógair an banna ar Instagram an tráthnóna sin gurb í buaic na maidine tonn gáirí a scaoileadh nuair a ardaíodh ceist maidir le haistritheoir Gaeilge, agus gur bhreathnaigh an slua i dtreo DJ Próvaí, a d’fheidhmigh mar aistritheoir ar son na bpóilíní sa scannán Kneecap a eisíodh anuraidh.
Ar deireadh scaoil an Breitheamh Paul Goldspring saor ar bannaí an rapálaí agus cuireadh an cás siar go mí Lúnasa. Tá ráite aige go poiblí cheana go bhfuil sé i gceist aige pléadáil neamhchiontach a dhéanamh.
Is ait an cinneadh dáiríre, an dlí a chur ar rapálaí óg le linn tréimhse ina bhfuil cinedhíothú aitheanta ar bhonn idirnáisiúnta. Más aon rud é, tá níos mó daoine ar an eolas faoi cheol Kneecap anois ná mar a bhí roimhe, agus mar atá ráite acu féin, ní bhaineann an scéal leo ach leis an 60,000 saol ar chuir airm Iosrael deireadh leo sa bPalaistín.
“I think the British government is used to picking on people that they can get away with it. They fucked up this time!” arsa Mo Chara. Taobh thiar dó ar ardán Fionnradharc, tá leagan nua den scáileán dorcha agus teachtaireacht níos dorcha fós a tharraing aird Mheiriceá air nuair a léiríodh ar ardán Coachella é cúpla seachtain ó shin: Israel is committing genocide against the Palestinian people. Over 60,000 people have been murdered.
Is mór an chodarsnacht idir na fíricí loma duairce seo agus an ceol a lean iad. Lasadh splanc sa bpuball ag tús na hoíche le Your Sniffer Dogs Are Shite agus Fenian Cunts. Casadh Sick in the Head, an curfá á scairte amach ag 8000 duine, in ómós Conor Biddle, a rinne dearadh ar shoilsí stáitse Kneecap agus a d’imigh ar shlí na fírinne i mí Aibreáin. Ghabh siad buíochas croíúil leis agus a ainm in airde ar an scáileán. Is léir go mbíonn caidreamh ar leith acu le chuile dhuine a ghlacann páirt ina n-aistear.
Tá sé le sonrú sa slua freisin gur daoine ar leith lucht leanúna Kneecap. I láthair tá ceoltóirí traidisiúnta, tráchtairí aitheanta nuachta, gníomhaithe Gaeilge, agus tionchairí i réimsí an cheoil agus an chultúir a bhfuil polaitíocht agus mianta ar leith acu. If there’s a better way to live I gotta have it a castar ar Sick in the Head, agus bhraithfeá gur daoine iad seo ar mian leo cúrsaí an tsaoil a chur i bhfeabhas. Is cinnte go bhfuil teachtaireacht agus conspóid Kneecap théis an phróifíl atá acu ardú, agus is cinnte gur ar son na dlúthpháirtíochta - bíodh sé sin leis an nGaeilge, le Gaza, le teachaireacht an fhrithchoilineachais - a bhí cuid den slua anseo.
Ní don pholaitíocht amháin a fhreastalaíonn na sluaite ar Kneecap áfach. Geall le réabh cuid mhór den oíche. Cuireann soilse léasair leis na buillí corraitheacha atá cruthaithe acu. Tugtar orduithe don slua páirt a ghlacadh. Moladh mosh pits (ach ligeadh béic ar éinne nár léirigh meas agus iad ag glacadh páirte iontu), agus cantaireacht The Auld Triangle agus Dirty Old Town. Lig déagóirí lenár n-ais do ghasúr óg seasamh os a gcomhair le radharc níos fearr a fháil ar an ardán. In ainneoin na mbalaclávaí is slua séimh, measúil atá ar an láthair idir óg agus aosta. Ní bhraitear aon chodarsnacht idir fhiántas agus folláine anseo. B'fhéidir nach codarsnacht é ar chor ar bith, ach léiriú ar mheon agus polaitíocht na glúine seo, agus glúnta roimhe ina suíonn cultúr, fochultúr, punc agus polaitíocht taobh le taobh. Malartaíonn an slua idir chantaireacht “Free Mo Chara” agus “Free Free Palestine”.
Críochnaíodh an seit leis na hamhráin is fuinniúla ina gcartlann, H.O.O.D agus C.E.A.R.T.A., agus ghabh Móglaí Bap buíochas ón ardán as an tacaíocht a léiríodh dóibh ón gcéad lá riamh: “it wasn’t radio… wasn’t the media… it was you.”
B’éasca dearmad a dhéanamh agus iad ag preabadh is ag réabadh an stáitse gur banna iad seo a bhfuil codanna den saol ag luí go trom orthu. Tá deartháir Naoise, Áinle Ó Cairealláin, sa bPalaistín i láthair na huaire i mbun oibre sa Lajee Centre ann. Cailleadh a n-athair, an scríbhneoir agus gníomhaí Gearóid Ó Cairealláin, níos lú ná bliain ó shin. Agus in ainneoin ghreann a n-aisfhreagra, ní foláir go bhfuil strus áirithe ag baint le cás cúirte sceimhlitheoireachta, anuas ar ghnáthsceideal agus taisteal a bhaineann le saol an cheoltóra.
Is tráthúil an tagairt seo do thacaíocht a bpobail mar sin. Tá an rud atá cruthaithe ag Kneecap níos mó ná mar atá siad féin. Tá bua ar leith acu ar ardán ach is as fuinneamh agus fonn an tslua a d’eascair an chuid is fearr den oíche seo. Léiriúchán ab ea é ar an gcumhacht a bhaineann le banna, leis an gcultúr, agus leis an ealaín a úsáidtear le misneach a mhúscailt ionainn le linn laethanta na héiginnteachta. Is ionann féile na ndaoine anocht agus cur i gcoinne na gcóras nach bhfeidhmíonn ar a son, agus is dó sin a sheasann Kneecap.