Scríobh mé léirmheas gairid maidir leis an tsraith seo do Tuairisc.ie, ach más léitheoir craosach thú leis spéis i gcláracha teilifíse a d’ardódh do chroí, léigh leat anseo….
- - - - -
Hearstopper, Netflix, Bealtaine 2022
Cliar: Kit Connor, Joe Locke, Yasmin Finney, Tobie Donovan, Olivia Colman
D’eascair an tsraith seo as úrscéalta grafacha de chuid Alice Oseman, scríbhneoir agus maisitheoir leabhar a bhain cáil amach as coimicí ar théamaí LADT+ a fhoilsiú ar líne, agus a bhfuil léitheoirí óga faoi gheasa acu.
Ar bhealach is scéal an-simplí grá atá ann, agus radharc ar shaol an duine óig (agus an duine óig aeraigh) sa lá atá inniu ann. Tugann sé léargas ar aos óg a bhfuil guthán cliste ina nglac acu freisin - téann sé i ngleic le polaitíocht na bpóg (sé sin, cén uair ar féidir “x” a chur ag deireadh téacs, cé mhéad “x”, agus ag cén stad ar féidir “x” a uasghrádú ina “❤️”), agus an crá croí a bhaineann le “Typing…” a fheiceáil faoi theachtaireacht nár freagraíodh fós.
Ar bhealach eile, tá úire ag baint leis an gclár seo: tá scríbhneoireacht na gcarachtar agus a gcaidreamh thar cionn. Cuirtear ar ár súile dlúthnasc an chairdis óig, agus íogaireacht agus meidhir an chéadghrá. Tá na carachtair casta; is aos iad seo a thuigeann impleachtaí a ngníomhartha, agus atá ag foghlaim de réir a chéile faoina bhféiniúlacht agus féinluach. Caitear súil ar an gcultúr atá á chothú againn mar shochaí, bíodh sé dearfach nó diúltach. Léiríonn radharc cumhachtach ar leith na himpleachtaí a bhaineann le teachtaireachtaí a gcuirtear chun cinn sna meáin, nuair a chuardaíonn déagóir atá éiginnte faoina ghnéaschlaonadh freagraí ar líne, áit a bhfuil ailt nimhneacha, agus eolas faoi theiripe tiontuithe ar fáil go forleathan. Chuir sé i gcuimhne dom an phian a bhain le “ailt tuairimíochta” a léamh aimsir na reifrinn anseo in Éirinn.
Bhí a mhalairt le feiceáil freisin, agus chuir rogha ceoil na sraithe go mór leis na radharcanna áthasacha sin - ag cóisir agus CHVRCHES ag casadh, roinneann beirt chailín póg phoiblí den chéad uair, soilse ildathacha ag lonrú ina dtimpeall - radharc a chuirfeadh cluaisíní ar do chroí - nó “Moment in the Sun” mar fhuaimrian athmhuintearais ag deireadh na sraithe.
Tá eagarthóireacht spéisiúil déanta ar an gclár, léirítear mothúcháin cheilte na ndéagóirí le heilimintí beaga cartúin, tagairt don úrscéal grafach, agus athshamhlú ar radharcanna ina bhfuil imní ar charachtair le scagaire dorcha tharstu.
Ligeacht bheag amháin ná aisteoireacht cuid de na mioncharachtair óga.. bullaithe nach raibh ró inchreidte, mar shampla. Ach caitheadh an-chúram le mionsonraí na sraithe, agus cuireann mioncharachtair - go mór mór Olivia Colman i ról na máthar (see below) - leis an tsraith. Is maith an sampla é Isaac, a bhfuil mionról aige agus a mbíonn leabhar ina bhaclainn aige i gcónaí. Úsáideann sé na leabhra seo leis an saol mórthimpeall air a thuiscint: ag cluiche rugbaí tá beathaisnéis Gareth Thomas, an chéad imreoir rugbaí a labhair go poiblí faoina bheith ina bhall den phobal LADT+, á léamh aige. Níos déanaí agus é ag tíocht i dtuiscint ar chás a charad, feictear Isaac le “Gender Explorers” idir lámha aige.
B’éasca comparáid a dhéanamh idir seo agus cláracha eile atá á gcraoladh le blianta beaga anuas - tá Sex Education, Euphoria agus Riverdale uilig bunaithe ar ghrúpa déagóirí ag freastal ar scoil, ach is léargas i bhfad níos giorra go fírinne an saoil atá in Heartstopper ná saol Euphoria an ghealra agus na ngunnaí, agus cé gur thaitin Sex Education liom ar dtús, braithim gur ghlac siad ródháiríre lena róil mar literal Sex Educators… Bheadh baol áirithe ann go bhféadfadh scríbhneoireacht Heartstopper dul sa treo: ba chosúil gur scríobhadh script na sraithe is deireanaí de Sex Ed le ceachtanna gnéasoideachais a mhúineadh seachas le scéal a fhorbairt…
Ach tá súil agam go bhfeicfimid sraith eile de Heartstopper. Tá caidrimh agus carachtair ann a bhféadfaí forbairt a dhéanamh orthu amach anseo, agus níor cuireadh críoch shona le gach scéal ar mhaithe le críoch na sraithe - rud a thaitin liom, agus rud atá réalaíoch.
Ar an iomlán, is clár fiúntach, croíúil é seo, a líonann bearna nach raibh líonta cheana - an t-aon aiféala atá orm ná nach raibh a leithéid ar fáil agus mise i mo dhéagóir!