Haló sibh x
You know when you send a risky text - and the adrenaline gets going - and you’re waiting for a reply… but in the meantime have no idea what to do with all that energy so just feel really giddy? That’s the state I’m writing this in. I just reached out to a few people about something special I have planned for the newsie. I really hope it works out and that I’ll have an exciting update for you from next month!
In preparation for this new addition, I thought I’d play with the audio/podcast elements on Substack, so today you can listen to some of my musings on the albums mentioned below (in English) instead of reading if you’d like! This is a test run to see how the upload works, it’s pretty rough (recorded on a whim while waiting for computer updates), and is more like a long voice note than a podcast , so bear with me..
If it’s just music you want, all songs mentioned (and more) are on the playlist at the end, mar is gnáth!
Neart ceoil nua an mhí seo, bookmark albums for later!
For lying in the sun: Drop Cherries - Billie Marten, nó Big Picture - Fenne Lily
For summer pre-drinks: Call Me If You Get Lost: The Estate Sale - Tyler, The Creator
For cleaning the house: Desire, I Want to Turn Into You - Caroline Polachek
For late night driving: Preacher’s Daughter - Ethel Cain
Ag éisteacht le hAhmad Jamal freisin, a cailleadh an tseachtain seo. Snagcheol deas má tá ceol uait don obair/staidéar.
Cúpla singil deas freisin - Mary an ceann is déanaí le Kean Kavanagh, agus Your Mind is Not Your Friend le The National agus Phoebe Bridgers ina measc - ar an seinnliosta ag bun na litreach.
Luaigh mé sa bpíosa cainte thuas nár aontaigh mé le ráiteas Pitchfork gur albam ciúin é Multitudes le Feist, agus seasaim leis sin - níl aon rud ciúin faoi In Lightning (bunaithe ar thunderbolts le Björk, ceapaim?), mar shampla. Ach tháinig sé aniar aduaidh orm fós fhéin, an chaoi ar shleamhnaigh an t-albam go ciúin isteach i mo sheinnliostaí agus nósanna éisteachta.
Is aoibhinn liom na rithim éagsúla a chruthaíonn Feist: foinn nach mbeifeá ag súil leo, cleasaíocht a dhéanann sí lena glór, agus draíocht atá fite fuaite ina cuid ceoil. Níl aon rud obvious faoin gcaoi go ndéanann sí é seo. Agus tú ag éisteacht le Florence + the Machine, tuigeann tú gur faoin ngealach agus geasa, cailleacha agus maighdeanacha mara atá sí ag canadh. Is gá a bheith níos géarchluasach leis na téamaí céanna a aimsiú i gceol Feist, a fheiceann draíocht sa ngnáthshaol (I Took All Of My Rings Off) agus a chloiseann ceol i ngach áit - “keep drum on the basement floor”, a chas sí ar Feel It All (seachas Mushaboom, mar a dúirt mé ar an taifead).
Maidir le boygenius, bhí drogall orm cluas a thabhairt do The Record ar dtús. Ní maith liom an téarma “supergroup”, agus chuir an coincheap faitíos orm nach mbeadh an t-albam chomh maith céanna le haon duine den triúr bhall - Phoebe Bridgers, Lucy Dacus, Julien Baker - ina n-aonar. Is aoibhinn liom nuair a cuirtear iontas orm áfach, agus ba dheas an cumhá agus gliondar a cuireadh orm agus mé ag éisteacht leis an albam seo den chéad uair. Bím ag súil le hathéisteacht leis ar bhealach nár bhraith mé faoi cheol eile le tamall.
Tá rogha ceoil an triúir le cloisteáil - rian The Cure agus Sheryl Crow (tionchar Phoebe, glacaim leis) ar Not Strong Enough (a thagraíonn don liric “are you strong enough to be my man?”), claonadh i dtreo an mhiotail in Satanist (Julien), agus liricí láidre greannmhara Lucy le sonrú ar True Blue agus Leonard Cohen. (Tá siad uilig an-mhaith i mbun pinn ach ceapaim go bhfuil blas ar leith ar scríbhneoireacht Dacus.)
- the film, stiúrtha ag Kirsten Stuart.
Agus Not Strong Enough/Strong Enough á lua agam, ní fhéadfainn gan an físeán seo thíos a roinnt libh - mil ar mo chroí - Anaïs Mitchell agus The Staves ag casadh ag an bhféile PEOPLE i mBeirlín (I think I’d have a full breakdown in this situation):
Mar a luaigh mé i mo shruth cainte, chuir mé spéis sa gcaoi go raibh baint ag Leonard Cohen leis an trí albam seo atá luaite agam - i stíl amhránaíochta Feist, sna tagairtí iliomad ar albam Lana - Let The Light In agus Kintsugi a thagraíonn d’Anthem Cohen, agus seans gur ag samhlú púcaí atáim anseo, ach chuir “you wanted me sadder” You Want It Darker i gcuimhne dom freisin - agus in Leonard Cohen le boygenius ar ndóigh:
“Leonard Cohen once said, "There's a crack in everything, that's how the light gets in."
And I am not an old man having an existential crisis
At a Buddhist monastery writing horny poetry
But I agree”
Agus ar deireadh ansin: Did You Know That There’s a Tunnel Under Ocean Boulevard? Agus tá tollán faoi Ocean Blvd! Seo beagán faoi!
Cuireann sé brón áirithe orm go ndéanann Lana Del Rey comparáid idir í fhéin agus an tollán, rud a d’fhéadfadh a bheith dearmadta le caitheamh an ama agus casadh rotha móra an tsaoil. Phléigh mé ar Splanc (nasc thíos, tús ag ~54 nóim) an tionchar atá imeartha aici ar an gceol agus popcheol, cé gur ar an imeall a bhíonn sí fhéin go minic.
Ní dóigh liom gur buaicshaothar DYKTTATUOB? (tá an giorrúchán sin rófhada fiú), mar atá á rá ag léirmheastóirí… Ach tá sé triallach agus is cinnte gur glór Lana atá le cloisteáil thar aon rud agus éinne eile air. B’fhéidir go nglacfaidh sé tamall eile air dul i bhfeidhm orm, ach faoi láthair táim spreagtha filleadh ar Norman Rockwell agus na halbaim eile seachas air. Sorry, not sorry!
Agus sin muid! GRMA as bhur n-aiseolas ar fad faoin nuachtlitir le gairid, is breá liom bhur dtuairimí a chloisteáil - fiú nuair nach bhfuil sibh ag aontú liom (Kate)! Ag súil go mór leis an gcéad eagrán eile (agus iontas beag ann daoibh!) a roinnt libh i mí Bealtaine!
Go dtí sin, slán tamaill agus grá mór
Emma xx