A County Star - Comhrá le Kean Kavanagh 🌟
Originally published for The Irish Times 11 June 2025.
📸 Louis O'Sullivan
“Is rud difriúil é albam a scríobh, yeah.” a deir Kean Kavanagh, cúpla lá roimh eisiúint a chéad cheann féin The County Star. Tá t-léine Dallas Cowboys á chaitheamh aige, tagairt don áit ar rugadh é agus do théama an cheoil nua. “Bhí ainm agam ar dtús, agus coincheap. Bhí a fhios agam gur albam a bheadh ann. Scríobh mé alt beag: seo atá uaim, an saghas ceoil, téamaí, liricí ar mhaith liom díriú orthu. An cur chuige a bhí difriúil. Bhí sprioc agam.”
I gcomparáid lena EP Dog Person, a taifeadadh faoi shrianta na paindéime, is léir gur le dearcadh úr a scríobhadh The County Star, a bhfuil fuaim níos iomláine agus níos glaine uaidh. Seasann glór sainiúil Kean amach, é saor den chuid is mó ó scagairí agus éifeachtaí ar úsáideadh roimhe seo. “Tar éis Dog Person, bhí mé lán cinnte den rud a bhí uaim. Aon rud a bheadh sách maith don albam, ba chóir go mbeadh sé láidir sa mbealach is simplí - mise, giotár, agus na liricí.”
Tá simplíocht sa gcur chuig sin, ach toradh snasta, ilghnéitheach ar na hamhráin. Is deacair seánra ar leith a lua leis an gceoltóir as Contae Laoise, ach go dtiteann sé áit éicint faoi scáth indie, rac agus pop, gan a bheith srianta d’aon cheann acu sin. Tá feadóg mhór neadaithe i bhfuaim The Whistle agus píobaí uilleann go fiú le cloisteáil ar Father Brown’s. “Bhí mé ag éisteacht le ceol nua Éireannach, ar nós John Francis Flynn - folk ach déanann sé rudaí aisteacha leis... Cheap mé toisc go bhfuil na scéalta nó liricí lonnaithe in áit áirithe, gur chóir go léireodh an ceol an áit sin freisin.”
Tá scéalaíocht ag croílár an cheoil: buachaillí bó, chéadghrá, briseadh croí, laethanta breá buí an tsamhraidh. “An scríbhneoir is fearr liom le tamall ná Kevin Barry. Scríobhann sé go fileata, cineál Hiberno-English atá aige. Léigh mé Fiche Bliain ag Fás le déanaí freisin - as Béarla, ach toisc gur aistriúchán díreach a bhí ann, bhí syntax thar a bheith Éireannach agus álainn aige, bíonn na habairtí backwards ar bhealach nó leanann siad rithim na Gaeilge.”
In ainneoin a bheith scríofa i Londain, is i dtírdhreach na hÉireann atá na scéalta lonnaithe. Tugann nathanna lártíre blas breise do na hamhráin, iad breac le tagairtí áitiúla (don Naas Ball go fiú!) agus línte rómánsacha ar nós “sweeter than Robinson’s” a spreagann cumha an óige. “Go háirithe i Sasana, mothaíonn tú Éireannach ar bhealach nua. Go tobann tagann bród nua ort - feiceann tú na rudaí nach bhfuil sa gcultúr anseo atá go mór againn sa mbaile.”
Tá giotaí fuaime fite fuaite sna hamhráin freisin - ceol The Sunday Game mar shampla - a chuireann leis an gcumha céanna. “Bhain mé an-sult as sin! Ar feadh seachtaine, ag breathnú ar chláracha GAA agus aon rud a bhí go maith - ar nós treasure hunt. Tá sé níos tábhachtaí domsa ná éinne eile, ach beidh a fhios agam cad as ar tháinig an fhuaim bheag sin, just rudaí beaga a chuireann áthas orm go bhfuil siad ann.”
Tá imirce ina téama lárnach tríd síos an albaim: a imirce féin go Londain, imirce a thuistí go Texas sa tóir ar obair tráth. Is láidre a bhraitear é ar an tríú singil Father Brown’s, ina gceanglaítear go snasta scéal pearsanta le scéal polaitiúil atá forleathan i sochaí an lae inniu:
Hypocrites, all of them living that say the place is full up / And we can go anywhere but they can’t come here
“Ní dóigh liom gur gá d’éinne aon rud a dhéanamh nó a rá,” a deir sé go machnamhach. “Ach na mothúcháin agus fearg sin, sin a mhothaím ar a laghad 10% den am, mar sin is maith gur 10% den albam é.”
Cé gur le Heaven-Sent a eisíodh The County Star, aithnítear Kean as a ról le Soft Boy Records, lipéad a bhunaigh sé in 2015 in éindí leis an rapálaí Kojaque. Tá pobal agus éiteas neamhspleách Soft Boy le braith fós ar na físeáin chruthaitheacha go háirithe: “ar an airgead a bhí ann, ceapaim go bhfuil an caighdeán an-ard. Rinne daoine obair saor in aisce, ag cabhrú cibé bealach, leis an airgead ar fad a chur isteach sna físeáin.” Kojaque a stiúirigh an tsraith trí fhíseán agus feachtas ar na meáin shóisialta ina maireann (agus ina gcailltear) an carachtar ‘Pa Campion’ (an t-aisteoir Peter McGann). Clúdaíonn Kean a aghaidh, é ag gáire, “ceapann an oiread sin daoine go bhfuil duine éigin básaithe! Ach táim an-bhródúil as an bpíosa ealaíona atá ann, ag úsáid na meáin shóisialta le scéal a insint, ag cumadh daoine nach fíordaoine iad, sin scéalaíocht mhaith dar liom.” Le linn ré ina bhfuil síorbhrú ar cheoltóirí ábhar margaíochta a ghiniúint do na meáin shóisialta, bealach feiliúnach dó a bhí ann an obair sin a iompú ina gníomh cruthaitheach: “táim brónach gur cailleadh an carachtar sin. Mothaím easpa anois, dáiríre. B’fhéidir gurb é sin é - níl ach mise ar líne anois! Bhí Pa in ann cuid den bhrú a thógáil uaim!”
Agus cén chaoi a n-airíonn sé chéad albam a sheoladh, ar deireadh? “Ó mo thaithí,” a deir sé le meangadh, “Táim ag ullmhú don anti-climax. Bíonn tú ar do ghuthán ar feadh an lae. Aon áthas nó freagra ar líne, maireann sé soicind ar a mhéid. Ach chuir mé go leor oibre isteach sa rud, ba bhreá liom dá n-éistfeadh daoine leis.” Aithníonn sé gurb é sin a luach a bhaineann le ceol beo: “na gigeanna, sin an áit, ag castáil le daoine agus an t-aiseolas a sin léiríonn gurb ann don rud. Sin an sprioc.”
Beidh Kean Kavanagh agus a bhanna ag casadh in Bello Bar ar an 20 Meitheamh. Tá The County Star ar fáil ar ardáin shruthaithe agus le ceannach ar cheirnín agus CD le Heaven-Sent.